Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)81. Is binn béal 'na thost.
82. Dearchadh child duine 'na sgáthán féin.
83. Tá tú mar tá 's níl tú gan locht.
84. Is furasta fuinneamh in aice na mine.
85. Ní h-iad na fir móra a ghearranns an fóghmhar go túr.
86. Éist le glór na h-abhann agus gheóbhaidh tú [breac?].
87. Ceathrar cailleadh gan a bheith [manntach?]
Ceathrar franncach gan a bheith buidhe
Ceathrar sagart gan a bheith sanntach
Sin dáréag nach geobhfá sa tír.
89. An té shiubhalas bóthar fhada, meileann sé mín is garb.
90. Na trí neithe is fealltaighe sa domhain. Straois mhadaidh, gáire Sasanach agus cos deire capall.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo