Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl ach aon ceardcha sa pharráiste seo. Pádraig Ó Standún is ainm dó. Tá sé suidhte ar an bóthar mór go Cathair na Mart. Teach ceann-tuighe atá air. Níl ach aon teallach amháin ann. Ní dhéarnadh na builg san áit ariamh. Déanann sé agus deisighiann sé gach rud as iarann. Seo scéal i dtaobh an gabha.Fadó bhí an Maighdean Mhuire agus Naomh Sheosaimh ag taisteal leo. Lá gaothmhar abhí ann agus bhí clóca an Maighdean Mhuire dá [seubadh?] leis an gaoth. Chonnaic sé buachaill bó agus d'iarr sí dealg air. Dubhairt seisean nach raibh aon am aige agus d'imthigh síad ar a mbealach. Chuaidh siad thar ciardhean agus nuair a chonnaic sé an bail abhí orthu rinne sé biorán de. Tá sé ráidhte go mbíonn "tuirsiach" na ngaibhne ar na buachaillí bó. Ní cuireann an gabha san bparráiste seo(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Ging
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo