Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg
- XML Leathanach 03_021
- XML “Síol Coirce ag Inseacht a Scéil féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)annsin mhothuigh mé an Samhradh ag imtheacht agus an Fóghmhar ag teacht. Lá amháin tháinig fear a raibh speal aige. Bhain sé an gas agus thuit an gas agus thuit mise leis. Fágadh annsin ar an dtalamh mé go dtí an tráthnóna agus annsin cuireadh i stúca mé. B'éigean dom fanacht annsin ar feadh trí seachtmhane agus i ndeire na h-aimsire sin bhí mé scargtha tuartha. Tugadh isteach chun na h-iothlann mé agus cuireadh i stáca mé.Lá amháin tháinig fear agus suíste agus thug sé léasadh maith d'om. Bhí mé brúighthe tinn agus ní raibh mé indhon suidh síos. Cuireadh isteach san mála mé agus bhí an oiread gráinniní ann gur bheag nár phlúcadh mé. Oidhche amháin nuair a bhí mé in mo chodhladh tháinig luch agus d'ith sé cuid díom. Tá mé sa leabaidh ó shoin agus sílim fhéin go bhfuil mó ré beagnach caithte.GO MAITH!
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo