Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)

Suíomh:
Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Liam Seóighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 05_020

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 05_020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg
  2. XML Leathanach 05_020
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag éirighe as. Tá lios eile timcheall leath míle ó'n lios sin agus deirtear go mbíonn na sidheóga ag eiteall ó ceann acu go dtí an ceann eile. Tá lios eile idir an dá lios sin agus deirtear go luigheann na sideóga ann nuair a bhíonn siad ar an turas ó lios go dtí an lios eile.
    Tá lios eile ann agus cuma cearnógach air agus deirtear dá rachfadh duine in gar dó san oidhche go bhfeiceadh sé na sidheóga agus mná agus bhíonn siad ag caoineadh in árd a nguth ar uair an meadhon-oidhche. Tá páirc mhór leathan ar an mbaile agus tá lios cruinn in á lár. Oidhche amháin bhí an fear a mba leis an pháirc ag dul thríd nuair a baineadh geit as. Chonaic sé bean in a suidhe le h-ais an lios agus í ag amhránaidheacht. Bhí caipín lása uirthí mar bhíodh ar na mná fadó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Ging
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Ní Ging
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Ging
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo