Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1/ Tá lios ar barr Cnoc bothán agus deir na sean daoine go bfaca siad na daoine maith go minic ann agus deir siad freisean go bhfuil go leor ór agus bhfilach ann agus nach bhfuil aon duine indhon agus d'fághail acht fear gan láimh é a bheir ann, cliste agus bocht.
2/ Tá lios eile cúpla míle ón áit seo. Tá foiraca teach le feiscint go dtí an lá atá andiú ann. Oidhche amháin chonnaic fear as an baile seo fear ag inair éideacht ar capall bán ag teacht go dtí an ráth. Tháinic sé aníos ón capall agus thosaigh sé ag cainnt dó féin. Acht ní raibh a fhios ag an fear as an baile seo céard a bhí sé ghá rádh. Sa deire d'fhosgail an talamh agus chuaigh sé síos. Chuaidh an fear as an baile seo go dtí an bruach agus chuala sé cainnt; damhsa : céol agus gáire. Sheas sé annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo