Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(49)
An oidhche roimh Ceadaoin a' luachraidh déan
tar pancóga-, agus ar Dhomhnach Cásga bíonn
na pruthóga ar siubhal. Lastar teine
mor ar an mbaile agus bailiugheann an
t-aos óg chuici agus bíonn uibheacha rósta
ghá n-ithe. Ar Aoine an Chéasta, gearrann
gach cailín cuid dá cuid gruaige in onóir do
bhás Íosa Críost. Ar lá Bealtaine cuirtear
bláthanna thart ar an doras in onóir
na Maigdine Mhuire. Ar Oidhche Naoimh Eoin
lastar teinte cnámh ar gach creagán árd
ar an mbaile agus fanann an t-aos óg'
na suidhe ar feadh na h-oidhche ag damhsa
agus ag déanamh sprí.
Nuair a thagas Oidhche
Samhna bíonn an- spóirt ar siubhal ar
fud a' bhaile. Bíonn na -buachaillí ag bris-
eadh cabáiste. bíonn tubán uisge i lár
gach urlár agus ubhall nó airgead ar an
tóin agus an duine atá indon breith an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Ging
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo