Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)léim síos ar paiste inín. Tá an aill sin timcheall dhá chéad troigh ar aoirde agus tá abha ag a bhun.
6) Bhí fear in nDóirín Dámh Dheirg timcheall sgór go leith blian ó shoin agus bhí ' Mícheal Thomáis an t-ainm a bhí air. Bhí fear eile dárbh ainm Cillín ag foghluim damhsadh dos na daoine óga. Bhí Mícheál ag foghluim sa'n am céadna agus ní raibh aithne aige ar a chois clé thar an chois eile. Chuir sé súgán ar chois amháin agus gad ar an gcois eile, agus glaodhach Cillín amach - nuair a bhéadh sé ag foghluim an damhsa dhó- "Cos an t-súgáin" nó "Cos an ghaid."
Fuaireas an béaloideas seo ó m'athair- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo