School: Caurane (roll number 13175)
- Location:
- Caurans Lower, Co. Mayo
- Teacher: P. Mac Giolla Gaileng
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caurane
- XML Page 154
- XML “Na Fataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na FataíBhí timpeall acra talmhan faoi fataí againn anuraidh. Ins an geantar seo tá an gabhailtrais beaga, agus ní chuirtear mórán fataí. Cothuightear mucaí ins an gceantar seo, agus tugtar na fataí mar bhia dóibh.
Ullmhaigheann mo athair agus mo dhearthair agus mé féin an talamh.
Déantar iomairí ársa aon coinnleach sa ngeimhridh. Romhartar amach na h-iomairí arís dan earrach agus déantar drilleanna de.
Déantar iomairí den talamh bán san Earrach.
Cuirtear aoileach ón Carnaoiligh ar na drilleanna agus leasú ón mála ós cionn sin arís.
Scoiltear na fataí síolta, ansin bíonn dha shúil i ngach scoilteachán. Bíonn bean an tigh dá scoiltiú.
Déantar na drilleanna le céacht ashmais, bíonn dhá chlár cré ar an gcéacht, agus caitheann sé an cré suas ar gach taobh.
Cuirtear na fataí ins na h-iomairí le láidhe nó le scíbhín. Bíonn mála sáiste thart timpeall ar a brollach agus na scoilteacháin ann. Bíonn sé ag caitheamh na scoilteacháin síos ins na polla a dhéanas an láidhe ins na(continues on next page)- Collector
- Mártan Mac Niallaigh
- Gender
- Male
- Address
- Ballingarden, Co. Mayo