Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 014
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá breágh san bfhóghmhar bhí scata mór tínchéirí ag gábhail an treó agus ar an slighe dóibh tugadar turas ar gach tigh ag lorg rud éigin. Téigheadh na mná isteach ar dtúis annsan téigheadh na páistí agus san deire téigheadh na fir agus beidís go léir ag bailiú do tigh amháin. D'imtig na mná isteach i dtigh fheirmeóra agus níor fhágadar rud féin ngréin nár iarradar; arán, ím, té, siuicre, braon bainne. Ní rabhadar imthighthe thar doras núair a bhuail tínncéar óg isteach "trom snáthaid bheag, a bhean-a-tíghe, led thoil" ar seisean "cun paist a cur ar mo bhríste is bead ag guidhe ort go deo" tugadh an snáthaid do, "b'féidir anois go mbéadh an paiste beag féinig agat, a bhean chóir?" do soláthruigheadh do é "agus i gcúntas Dé, anois agus an bhfuil aon seana bhríste seo adhbhar beag ró-mhór dom is baoghal liom, a bhean-a-tighe, agus i n-ainm na seacht sínnseas a d'imtigh rómhat an d-tabharfá béilín beag dhom chun é líona"
"seo duit i gcúntas dé ach tá súil agam ná bhfuil béal ag teastáil uait."- Bailitheoir
- Síghle Ní Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bríd Bean Uí Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí