Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 124
- XML “Bóithre an Cheantair”
- XML “Bóithre an Cheantair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtí Corcaig. Ní'l act rían de ann anois.
- Is mó saghas casán atá tímcheall na h-áite seo. Tá ceann ag dul ó's na Ródaibh treasna an cnoic go tigh Seán Ó Góilín i gCill-Urla. Nuair a shroiseann na daoine an mullach caitheann síad cloc ar clocán mór atá ann is deireann síad paidir mar is amhlaidh atá garsún óg curtha ann. Ón bFaill Mhór dob'eadh é is cuaidh sé ag glaodac ar a athair a bhí ag obair in aice an cnuic. Lá ceoidh dob'eadh é is cuaidh sé ar stráe is tháinig sé go dtí an áit seo is do shuidh sé síos ann. Núair a tháinig an oidhche bhí a athair is a mháthair ag cúardac na h-áite acht cúpla lá na dhiaidh sin fuair duine des na cómharsain é is bhí sé fuar marbh is ríamh ó shoin deireann síad paidir ar a shon. Fadó bhí bóthar maith ág dul ann acht tá sé aosta anois is tá féar ag fás air. Anois téigheann daoine an slíghe sin go Aifreann.Tá casán eile ag dul tré Sagart is tré Eisc is tagann sé amach ós cionn Glaise Cúmhra. Fadó bíodh na daoine go léir ós na Ródaib ag dul ann mar tá an tobar sin beannuighthe. Teígidhís síád an slíghe sin núair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Curráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Curráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí