Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 037
  3. XML “Comharthaí Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá aimsear cuibheasach againn anois agus bhí fhios ag na sean daoine cheana go raibh sé le teacht. Is féidir leo é fheiscint san spéir is dóca. Tá sean nós aca na faoileáin cun na cnoic, an cúbhrán cun na tonnaibh, an díon cun na tighte, is an fearthann cun na spéire." Nós eile "na criogair ag crích, is ró gearr go mbhí an tuille ag teacht ins na loca." Nuair fheiceann síad b'fhéidir an ghrian ag dul fé go dearg tráthnóna bhreágh san bhfóghmhar bíonn súil aca le lá breágh, ach arís nuair fheiceann síad an grian ag eiríghe go dearg beidh aimsir ceathach againn. Nuair bhíonn na scamaill ag gluaiseacht san spéir sin cómhartha go mbeadh gála againn. Dá mbeadh sé ag cuir fearthanna go dtí an lá deireannach beid níos mó eagla ar sean-duine roimh gála ná roimh an mbáisteach. Dá meadh oidhche gaothmhar ann beidh sé as mheabhair go dtí go mbeadh an tigh, an coca féir, agus na cróicíní ceangailte aige. Nuair fheiceann síad an spéir go dorcha sin cómhra go mbeadh splannc againn. Maidin gréine san mfóghmhar nuair fhéicheann síad an ghrían go moch ar maidin sin cómhartha go mbeadh báisteach againn roimh oidhche "Ní seasuigheann grían na maidne geal go tráthnóna." Deirtear ná mbhíonn aon blían gan droch aimsir againn i mí na Samhna i gcómhnaídhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Loinghsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí