Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 047

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 047
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear na chómhnaidhe ins na Ródaibh uair amháin agus Seán Sucí dob ainm do agus bhí aithne ag mo shean athair air. Bhí sé cómh reamhair le stáca agus ba mhinic a bhris sé an doras as an taírsig nuair a bhíodh sé ag dul amach. Do théigheadh sé go dtí na tighthe go léir ag lorg bídh agus do bíodh sé ag beíceig nuair a bhiodh sé ag teacht ins an bodhraig mar ba mhinic a bhíodh ocras air; bhí bolg cómh mhór san aige ar nós da mhála ar gac thaobh. Fear macánta dob eadh é mar do bhíodh na daoine eile ag gaodhacht níor ghaodh sé sin riamh agus bhí alán fulang aige i gcómhnaidhe. Do bhíodh Muinntir na Ródaibh ag díol móna an uair sin dos na daoine ón Daingean agus do thugadar san prátaí dos na daoine ins na Rodaibh. Do cuaidh Seán agus a chompánaig go Daingean cun na prátaí d'faghail ach ní raibh aon prátaí ann acht do chuir muinntir an tighe curcán mhór prátaí síos na fhéadfadh beirt fear í thógaint aníos. D'ith an fear agus Sean na prátaí san acht do críochnuig Sean an curcáin. Bhí sé sin déanta in gach aon tig nó gur raibh cúig tighthe gábhalta aca ach d'ith Seán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Mhuircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Míceál Ó Modhrán
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Na Ródaibh, Co. Chiarraí