Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 114
- XML “Liosanna”
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(-)
- Tá alán liosanna mór-tímcheall na h-áite. Tá dhá ceann aca ins na Ródaibh i talamh na Súilleabhánaig. Bhí fear ann darbh ainm Tadhg Ó Cobhthubhaigh agus do cúaidh sé ag rómhar na páirce. Fúair sé rásúr, scáthán, túbháile, dubh is peann agus morán rudaí eile. Seadh bhí san go maith do cúaidh sé a chodladh an oidhche sin is níor eirig sé riamh arís an fear bocht. Eóin a tugtar ortha annso. Tá ceann súas i gConacáin-O-Fholugha; Eóin a tugtar ar é sin leis. Bhí buacaill darbh ainm Mícheál Ó Conaill. Do cuaidh sé síos san lios. Do chuaidh sé ró-fhada sios. Bhí straigre ag dul síos i bhfuirm cruinn. Níorbh fhéidir leis teacht aníos in aon chor. Bhí sé ann ar feadh dhá lá agus dá oidhche. Bhí sé ag dul i laige leis an ocras; sin é an fáth ná raibh sé abálta teacht aníos. Bhí a mhuinntir ag cuardach na h-áite d'féacaint a bfaghaidís é. Pé slighe do chuaidh na daoine aosta fé dhéin an liosacáin agus bhíodar ag glaodach cómh h-árd is a bhféidir leó. Do cualadh sé íad acht ní raibh sé abálta cun freagradh a tabhairt dóibh. Sa deireadh síar thall do tháinig sé súas slíghe eigin agus ní mhair sé seacht lá na dhiaidh sin. Tá ceann ag dul(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Mhuircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Mórán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí