Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 115
- XML “Liosanna”
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhá mhíle ar fhaid fé'n dtalamh ins na Cealla. Sin é an fáth go dtugtar Lios Bán is Lios na Leabhar ar na háite sin mar tá liosanna innti.
- Ba mhór an trúagh na daoine sa bliain 1847 nuair do loiteadh na prátaí ortha agus b'é sin an t-aon bíadh amháin a bhí aca an úair sin. An úair sin leis cuiridís na prátaí dá uair sa bhlian, tosnuighidís á cur i mí Feabhra agus do cuiridís íad airís i mí Lúghasa agus sin é an síol a bíodh aca. I mbliadhain 1847 nuair a bhí na prátaí ins na puill aca bhíodar dubh agus nuair a cuireadar íad níor fásadar in aon cor. Ní raibh aon bíadh aca annsan agus bhíodar bailighthe ar an dtráig gach lá annso ag piocadh báirneach agus míobhán agus bhídís ag íascaireacht leis agus d'íosfhaidís an múr dubh ar a glaodhtar dulamhan. Do dheinidís é a beirbhiu ar dtúis agus d'íosadar na neanntága núair a bídís beirbhthe leis. D'íosadar na stúmpaí cabáiste agus na turnaipí agus do raghaidís amac ins na garraidhthe ag piocadh na phrátaí a bhí fágtha tar éis na mbliadhna. Shíol teacair agus do(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríd Ní Muircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bríd Bean Uí Muircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí