Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 118
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bíodh alán call-saoth ag na daoine fadó aimsear an ghorta. Bhí na prátaí lobhtha mar tháinig an dubh ortha an bliain sin. Ní feachadar a leithéid roimhe sin agus níorbh fhéidir leó cos a cur leis. Prátaí an bíadh is gnáthaighe a bheadh aca caithidís an stoc agus an arbhar a dhíol dos na tígearnaí cun an cíos do íoca. Is i Mí na Bealtaine a cuiridís íad an uair sin mar bhí aimsear breágh ann. Fúair na mílte bás agus cúaidh alán acha go dtí Merica agus ní raibh aca acht longa beaga agus bha minic a bháthfaí íád. Bhí triúr ag dull ann i mbád beag agus do bhíodar ag dul i laige leis an ocras. Beirt fhear agus bhean amháin a bhí ann. Do bhí na fir cómh h-ocrach san gur itheadar an bean beó agus do sroiseadar an tír. Bhí triúr eile ag dul ann leis beirt do mhuinntir Laoinsig agus Seán Ó Morán. Do báthadh an long mór agus bíodhar i mbád bheag agus aon nídhe le n-ithe aca. Sa deireadh sroiceadh ar an talamh agus bhí Seán ana bhreóidhte. Cad a dein a compánaig leis acht é fhágant cois na trágha agus culaith a thógaint uaidh. Bhí sé ann ar feadh i bfad gur connaich duine éigin é agus do mhair sé. Bhí long ag teacht ón Turgéis le cácaí don na gaedhil acht do báthaidh na Sasanaigh an long. D'fháigheadh gach aoinne cupán coirce.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Míceál Ó Móráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Na Ródaibh, Co. Chiarraí