Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 101

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 101
  3. XML “Lucht Siúil”
  4. XML “Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do theigheadh alán tinncéirí mór-thímcheall na h-áite seo fadó. Lá amháin chuaidh scata tínncéirí go dtísh na Róbaibh, agus bhí capall a's cairt aca. Cúpla lá roimh aonac an puic do'b eadh é agus bhíodar ag bailú airgid ar séirse agus i dteannta san bhí sáspain agus gallúin dá ndíol aca. Chuadar isteach i dtigh agus do dhíoladar gallúin stáin do fear a tíghe ar scilling agus núair a bhíodar ag imtheacht do sciobadar an galúin leó arís agus do dhíoladar é a i dtigh eile ar níos mó airgid, agus ar an slíghe sin do dheineadar airgead agus is dócha go raibh lá maith aca ar aonach an phuich. (Léigh sceulta Eirinn)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Tá alán piseóg ag dul le laethannta airighdhe ceann de's na laetheannta seo iseadh Dé Lúain. Ní oscluigheann éinne úaigh Dé Lúain tógann siad cúpla fóid de. Dé Satharin nó Dé Domhnaigh féin agus hí dheanfadh fear é féin a bhearra ná ní ghearrfadh éinne a cuid grúaige an lá sin. Ní bheadh an rath ar éinne a briseadh an nós. Ní thosnuigheann fear a chuid oibre Dé Sathairn mar ní bheadh sé criocnuighthe go deó na ndeor. Acht tosnuigheann sé air Dé h-Aoine agus ní bhíonn sé ibhfad leis. Dá mbeadh tigh núadh déanta ní raghadh éinne isteach ann Dé Lúain nó Dé h-Aoine ná san Carghas.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.