Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba ait na ceardanna a bhíodh aca fadó sar a ndeineadh na rudaí thar lear. Íad féin a deineadh na rudaí agus ba mhaith an rud é sin agus do fágaidís t-airgead sa bhaile agus bhí na neithe sin ana bhuan. As geire na mbó a dheinidís na coinnle. Ar dtúis do leighidís é i gcanna agus é do cur isteach i múnla agus córd do cur tríd agus nuair a bheadh sé cruaidh beadh coinnle agat. A gcleibh féin a dheinidís as slata a bhailighidís mór thímcheall na h-áite. Glister na gcloch nó bláthanna na h-aitinne a bíodh aca cun an phlainín a dathughadh. Do dheinidís snáth as an ollan, é do cárdáil ar dtúis agus deinidís rollaí as. Dheinidís é d'fíghe annsan. Barr an fraoig a bhíodh mar dathugadh agus é cuir síos i gcurcán mór ar feadh seactmhaine agus an t-eadach do chur innti ar feadh coighdhídhse. Plainín breágh trom dob eadh é agus bréad a bhíodh aca mar culaithí go dtí go mbeidís ceithre bliana déag, striopaidí móra dob ead íad an uair sin. As eirbeall na mbó nó as fionán a dheinidís na súgáin le cruacán. As gruaigh na mbó a dheinidís na braghaidáin cun na ba do ceangal. Le curán a gearraidís an féar agus é do bhailiughadh leis na lamha.
- Bailitheoir
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Míceál Ó Moráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí