Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 109
  3. XML “Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá alán liosanna ar fud na tíre agus deirtear gurbh ann a bí an slúagh sidhe.
    Tá cheann díob san ins na Róduibh. Tá clocha agus chré ann agus pholl na lán agus deirtear go bhfuil an poll san ag dul fén dtalamh chómh fada le Carraig Líath atá cómhgarach do'n bhfairrge agus tá sé sin trí nó cheithre páircheanna dtaobh thuas den bhóthar.
    Do connaich alán daoine solas ann san oidhce agus bhí cheól bínn le chloisint ann agus do chuir san scannradh ar alán daoíne. Bhí daoíne na gcómhnuídhe ins an bpáirc sin agus núair chonnaiceadar an solas d'imthígheadar as an áit ar fad.
    Lá amháin bhí beirt fhear ag obair in-aice na h-áite sin ag réabhadh chlocha as an bpáirc agus san tráthnóna bhí duine díobh breóidhte agus san ceathramhadh lá fúair sé bás agus ó shoin i leith ní raibh baint ag aenne leis. Glaodhtar Páirc na h-Ónach ar an bpáirc sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríd Ní Mhuircheartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bríd Bean Uí Mhuircheartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí