Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 159
- XML “Na Fíníní”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhi alan eirighe amac in Eirinn fado, agus ta baint ag mo mhuinntir le cuid aca. eadhon na Finnini, na Sinn fein agus luct an Poblacht sa mblian 1921. San mblian 1867 a thosnuig na Finnini. Bhi gasra beag diobh i gcatair Saidhbhin agus duine darb ainm Muircheartaig a bhi i gceannas ortha. Do chuadar o Cathair Saidhbhin go Gleann Carrthaig tre an fhaillmhoir a chuadar agus go glisc mar a buaileadar le pilear a bhi ag obair ar shon Sasana. Do thugadar buille maith do. Do cuadar as san go gleann Carraig an ait a scaipeadar agus bhi deire leo. Is o gleann carrthaig a thainig creabh Mhuicheartaig agus do rugadh me ann. Do marbhuigheadh o Mhuicheartaig toisg spiaireacht.
Bhi mo athair ins na Sinn Feiners agus is mo troid do throid se i gCathair Saidhbhin. Bhi se ins an eirighe amac eile 1921 agus bhi mo uncail ann leis. Sa bhlian 1916 a thosnuig eirighe amac Sinn Fein agus d'aontuigheadar le ceile agus do throideadar go dian le buadh is le toil i gconnibh na Black-and-Tans ach do bhriseadar an t-aontu aris.
Bhi nios mo troda i gCiarraidhe na aon conntae eile. Do fuair na Gaedhil a saoirseacht sa deire, ac ni deireann san na bhfuil crucai Sasana innti fos. "Is fearr an troid na an t-uaigneas".- Bailitheoir
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Módhrán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí