Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 127

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 127

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 127
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá dá tobar beannuighthe san pharóiste seo ceann aca ar bhéal an chúain agus ceann aca inaice na cathrach. Tobar na gCrathanaibh a tugtar ar ceann san tsráid. Glaise Cumhra tugtar ar an ceann i gCuanana. Tugann na daoine turasanna air gach bhlían na mná is mó. Bíonn síad ann ar feadh na h-oidhche. Fanann síad i dtig éigin cómhagharach don áit. Caitheann síad an turas a dhéanamh an tráthnóna nuair a bhíonn an grían ag dul fé agus airís ar maidin lae air na mháireach nuair a bhíonn an grían ag éirighe. Deireann síad an Coróin Mhuire fhaid agus bead ag dul mór tímceall agus caitheann síad cúig cloca deug isteach ann. Gach blíadhain a tugann síad an turas ar lá féile Eoghain an 21ádh lá de Mí Meithimh an lá is fuide san blíadhain. Tá leigheas maith san uisce chun daoine go bhfuil easba sláinte ortha no aon ball díobh tinn. Tá leigheas mhaith ins an sáile in gach aon páirt de'n domhan ar an lá saoire ar an gcúigeamhadh lá déug de mí na Lúghnasa. Is minic do leighiseadh daoine an lá san. Ba cheart du innti an lá sin seachas aon lá eile. Cuimiligheann síad an t-uisce leis an ball teinn (uisge an tobhair) agus íad féin a níghe leis. Ólann síad deoch de leis. Fágann síad rudaí na ndiaidh airgeadh noó aon saghas níthe. Bhí fear ann dárb ainm Seán Ó Brúcan agus bhí inghean aige dárb ainm Cáit agus bhií easba céille uirthi ní raibh sí ró mhaith sa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Mhuircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Míceál Ó Móráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Na Ródaibh, Co. Chiarraí