Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 154

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 154

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 154
  3. XML “Sprid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí alán rudaí mí-nadúrta ann fadó ná fuil ann anois, ámhthac, leprucán, brúach fairrge agus sprid. Bhí fear ann dár'b ainm Míceál Ó Laóinsigh agus fúair sé réal ó lepruchán agus ní raibh easbadh réalach air ríamh. An réal a fúair sé ón lepruchán bhí sé i mbosca aige agus núair a tóghadh sé é sin amac, beadh réal eile ann i gcómhnaidhe. Do cídhtí alán brúaich ann fadó in sna Ródaibh san tráthnóna núair a bídís ag dul ag íascaireacht. Deirtear dá mbuailfheadh síad san leat núair a bhítheá ag dul ag iascaireacht, ná bheadh áon rath ort. Bí sprid ann úair, ar a dtugtar "Sprid a' Droichid" agus bíodh sí na suidhe cois droichid i gcómhnaidhe agus píop fada aici na béal, féachaint a dtógadh aenne gal as. Bhí fear bocht ann agus ní mairfheadh sé gan gal tobach. Bíodh sé ag obair na h-aon lá. Maidin amháin nuair a bhí sé ag dul amac ag obair dubhairt sé leis an mhnaoi, ruínín tobac d'fághail do nuair a thiocfadh sé abhaile. Ach nuair a tháinig sé ní raibh aon tobac roimis agus cuaidh sé fé dhéin sprid an droicid. D'ól sé a dhóthan tobach uaithi agus thug sé an píopa ar ais cúichi, is dubhairt sé beannacht Dé le h-anam na marbh. Do dhein sé sin trí úaire agus an tríomhadh úair d'imthig an sprid as a radharc súás go neamh ó purgadóireacht. Is dóca go raibh sise ag guidhe ar a shon i neamh. Carthanacht mór ab' eadh é sin.
    Tomás Ó Muircheartaigh
    Cealla Síar
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Módhrán
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Na Ródaibh, Co. Chiarraí