Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 087
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a tháinig fear marbh isteach ann leis an bhfarraige agus do cuireadh é san cuas ins na Ródaibh. Cuas Craoc bhí an cuas san lán de fraoig agus bhí sé ana árd ann agus sin mar a fuair sé an ainm.
- Is mó slíghe go bhfuil áiteanna ainmighthe in diaidh rudaí áirithe. Táim im chómhnaídhe ins na Ródaibh agus tá dá réasún go dtugtar an ainm sin air, mar do thagadh longa móra isteach ann fadó agus tá alán daoi innti agus ród ag fás orra. Tá cuas mór fé thalamh mo mo shean athar ar a dtugtar Cuas a' Teampuill mar tá fear curtha ann a tháinig isteac ann ó bhéil Ínse. Cuas Fada mar tá sé ana fhada Cuas a' Glórach mar bíonn na tonnta ag búaladh isteach ins na carraigeacha agus glór mór innte. Cuas Gorm mar tá carraig mór (Carraig a tSleaidí) gorm ann. Póinte na Raithníghe mar tá raitheanach ag fás ann. Cuas na n-Eisg mar bíonn na h-éisg ag píleáil ann i gcómhnaídhe. Cuas na Seasga mar bhí seasc beithidheach ag fearach ann fadó agus bhí beirt banríalta ag cúardach tímceall na h-áite agus bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Móráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí