School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)
- Location:
- Máistir Gaoithe, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Siochfhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Máistir Gaoithe
- XML Page 014
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fathach darb ainm Lúgh Lámh Fhada na cómhnuidhe so domhan thoir fadó. Aon áit a chloisfeadh sé go mbeadh leanbh ann thagadh sé agus thógadh sé leis é. Bhí duine uasal saidhbhir in áit áirighthe agus dúbhairt sé ná leoghadh sé a leanbh féin leis. Do bhailig sé triúr fathach cun beith roimh Lúgh nuair a thiocfadh sé a diarraibh an leinbh. Dios, Neart agus Cluais le h-éisteacht na h-ainmneacha a bhí ortha.
Aon lá amháin dúbhairt Fios go raibh sé cun teacht amáireach. Dúbhairt Neart go mbeadh sé ollamh dó. Dúbhairt Cluais le h-éisteacht gur chuala sé é ag teacht tríd an bfairrge. Ní túisce sin ná bhí sé taobh amuigh den dorus. Cuir sé a lámh anuas an tséimne. Do bheir Neart ar an lamh agus bhí sé á tharrach ar feadh leath uair a cloig. Annsan thug sé aon tarrach amháin agus bhain sé lamh den gualainn de. Dimthig Lúgh annsan agus nuair a chuaidh sé go dtí an caisleán na raibh sé na chómhnuidhe bhí beirt seana-bhean ag tabhairt aire dó.
Dúbhairt Neart go(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Shíothcháin
- Gender
- Female
- Address
- Inse na Toinne, Co. Kerry
- Informant
- Siobhán Ní Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- An Fhaill Dronnach, Co. Kerry