School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)

Location:
Máistir Gaoithe, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Siochfhradha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 090

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 090

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Máistir Gaoithe
  2. XML Page 090
  3. XML “Filí an Bhaile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Filí an Bhaile
    Bhí file darb ainm dó Pádruig Ó Dá'la ‘na cómhnuidhe in-aice tíghe Padruig Ó Súilleabháin i mBunadroighin i bparóiste na Dromada tímcheall seascadh blian ó shin. Do dhein sé mórán amhráin. Do dhein sé ceann ag moladh Cáit Ní Shéaghdha. Bean ab eadh í sin a bhí na cómhnuidhe i Cnopóg agus bhí sibín aici.
    File eile ab eadh Tadhg Ua h-Ualacháin. Fear ó Cúm Beatha ab eadh é ach tháinig sé go Octaibh. Bhí file eile i gCathair Saidhbhín agus Micheál ó Síothcháin ab ainm dó. Cuaidh sé go h-America agus níor thaithn an Tír leis in aon-chor. Le linn dó bheith ann do scríobh sé an amhrán seo.
    1.
    Dá n-eireóchabh an scamall den talamh is fearr so ríoghacht
    Do raghainn abhaile is bheadh againn prátaí arís
    Ím agus bainne ‘gus caitheamh is fághail mar a bhíodh
    Is marcuigheacht so cathair do thógfadh an brón dem’ croidhe.
    11.
    Ba mór é mo mearathal an lá ceapas-sa dul thar tuinn
    Go dúthaig na h-anacar mar a dóistear an blúire bídh
    Buistéirí damanta agus rascalach.
    Feóil gan saill
    ‘Gus an bille na seasamh cun freagairt i gcionn an mí.
    111.
    Dé Céadaoin so cathair im sheasamh ar Crois Sheáin Cinn Aoirde
    Lem’ trucaill beag, dearg, is feircín den ím breágh buidhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Shíothcháin
    Gender
    Female
    Address
    Inse na Toinne, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ó Síothcháin
    Gender
    Male
    Address
    Inse na Toinne, Co. Kerry