School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)
- Location:
- Máistir Gaoithe, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Siochfhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Máistir Gaoithe
- XML Page 082
- XML “Stair na hÁite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Stair na h-áiteDeirtear gur in aimsir Cromail an ceud uair a tháinig na Sasanaigh go dtí an áit seo. Thángadar i dTír ag Baile na Scealg agus cuadar tríd an paróiste agus marbhuigheadar gach duine rómpa. Chuadar shoir tré Gleann Cárthaig ach cuaidh mórán do’s na daoine i bhfolach sa Cuimí’ Dhuibh agus níor aimsig’ na Sasanaigh íad. Tháinig cuid dos na daoine i leith annso agus socaruigheadar síos ann.
Timcheall na h-aimsire sin chuaidh bean bocht ó’n pharóiste seo soir go Gleann Cárthaigh ag lorg déirce. Bhí sé de nós ag na daoine an uair sin fiafraidhe de dhaoine bochta mar sin cad é an ainm a bhí ortha agus cad é an áit go raibh cómhnaidhe ortha. Nuair a cuireadh na ceisteanna san cun na mná so seo an freagra a thug sí.
“De mhuinntir Shéaghdah seadh mise ó cois na hAoine Gile
Mar a rabhadar ann go sultmhar fir agus mná agus leinbh
Níl anois i na ionad ach láireacha na dtighthe
Ach fíor beagán de clann na gclainne
Agus íad san féin go singil.” Nuair a thárlaig eirighe-amach na Finníní ó’n bparóiste(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Address
- An Chillín Liath, Co. Kerry
- Informant
- Dómhnall Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- An Chillín Liath, Co. Kerry