School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)

Location:
Máistir Gaoithe, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Siochfhradha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 066

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 066

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Máistir Gaoithe
  2. XML Page 066
  3. XML “Filí an Bhaile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Filí an Bhaile
    Tímcheall ceud bliadhain bhí file i na chómhnaidhe san Neidín. De mhuinntir Uí Fháile a bead é. An uair sin cheap na daoine go raibh cómhacht ag na filí franncaig do dhíbirt. Bhí an baile seo Cillín-Liath lán de franncaigh agus cuir na daoine fios ar an file teacht.
    An oidhche tháinig sé bhí buachaill óg sa tig (aodhaire bó a beadh é) agus níor stad sé i rith na h-oidhche ach ag tabhairt cabaighreas do’n fhile. Ar maidion dubhairt an file “Is dóigh liom-sa na’ raibh breis gnó agam teacht annso agus go ndeanfhad an fear óg só an gnó.” Bhí an buachaill ag dul amach an dorus agus maide in a láimh aige. D’iompuigh sé thar n-ais agus dúbhairt sé an beursa seo.
    “Go deimhin tá óg is mire agam.
    Is baineann a lán fá’n dom.
    Ac nílim geur ná tuiscionach
    Mar file muinntir Fháile
    Ach ó’n tá’n tú críona fuirighthe
    ‘S go tangais féin i gcoinne leo
    Feicimís a gcuirfidh tú
    I gcoinnibh sruth a mbádadh íad.”
    Bhí an file ar buile agus d’imthig sé amach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Shéaghdha
    Gender
    Female
    Address
    An Chillín Liath, Co. Kerry
    Informant
    Dómhnall Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    An Chillín Liath, Co. Kerry