School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)

Location:
Máistir Gaoithe, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Siochfhradha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 060

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 060

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Máistir Gaoithe
  2. XML Page 060
  3. XML “Naomh Faolán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá baile thoir i mBara na hAoine ar a dtugtar Tullaig-Fhaoláin. Sé an fáth go dtugtar Tullaig Faoláin ar an áit ná gur mhair naomh ann fadó darbh ainm do Faolán. Mhair sé in a aonar i bplúais agus ní raibh aon cúram eile air ach bheith ag paidireóract. Chaith sé an cuid is mó dá shaoghal sa slighe sin. Oidhche amháin do taidhream sé go raibh muintear na Gearmáine ag glaodhach air.
    Dimthig sé go dtí an Gearmáin agus thug sé an cuid is mó de mhuintir na tíre sin go dtí an Fíor-Creideamh. Tá cuid des na séipéil san Gearmáin ainmnithe na dhiaidh. Bhí beirt dritheáir aige, Beárnáin agus Fíonán. Bhíodar san na naoimh leis, agus tá dhá baile sa pharóiste seo ainmnithe 'na ndíaidh, Macaire-Fhíonáin agus Cathair-Beárnáin.

    Mícheál Ó'Séaghdha
    Cillín-Liath
    Maistir-Gaoithe
    Cill Áirne
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    An Chillín Liath, Co. Kerry
    Informant
    Dómhnall Ó Seaghdha
    Gender
    Male
    Address
    An Chillín Liath, Co. Kerry