School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)

Location:
Máistir Gaoithe, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Siochfhradha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 081

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 081

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Máistir Gaoithe
  2. XML Page 081
  3. XML “Paidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Paidreacha
    Fadó bíodh mórán paidreacha ag na daoine agus deirtí íad i gcómhair rudaí áirighthe. Cuir i gcás da mbeadh sé i na beus (béas) ag duine tromlaí do teacht air dearfadh sé an paidir seo ag dul a codhla. “Anam máthair Muire, Muire Máthair Críost, Elizabeth Máthair Eoin Baiste, an triúr san ar clúdh mo leabadh agus an crann gur crocadh Críost idir mé agus an tromlaí.”
    Seo paidir a deirtí ar an Coróin Muire i dtig toramh, “Cuirimíd cúig paidreacha cun Dé agus cúig Abhé Máire leis an anam a bhí so corp so láithreach. Má bhí fuighil faoistine, dearmhad Aifrinn, baois óige ná aon smáilc eile ó’n t-saoghal so, Dia agus Muire agus Mícheál Naomhtha agus an dá easpol déag ag tabhairt fuasgailt fuarthan agus saor breitheamhnas a tabhairt dó.”
    Seo paidir a deirtí nuair a bhídís ag dul tar roilg, “Beannuighim Dia a fíor-aoinne Criost atá annso ag feitheamh le aiseirghe glórmhar. Go dtabharfadh an Té a fuiling bás ar bhúr son suaimhneas sioraighe dhíobh.
    Áine Ní Sheághdha
    Cillín-liath
    Maistir-gaoithe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Shéaghdha
    Gender
    Female
    Address
    An Chillín Liath, Co. Kerry