School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)

Location:
Máistir Gaoithe, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Siochfhradha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 070

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 070

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Máistir Gaoithe
  2. XML Page 070
  3. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean Fhocail
    Fadó bhí mórán sean-fhocal ag na daoine ach níl mórán aca anois. Seo cuid díobh a fuaireas ó sean-duine. Dá bhfeicfeadh aoinne duine eile ag deanamh rud éiginn nár dhein sé ríamh cheana dearfadh sé “Ó ba anamh leis an cat srathar a bheith air” nó “an rud is anamh is iongantach.” “Is olc an gaoth ná séideann go maith do dhuine éigin.” Deirtear é sin nuair a thuiteann aon rud amach agus go ndeineann sé díoghbháil do mórán daoine agus go ndeineann sé maitheas do dhuine eile. “Itheann muca ciuin a gcuid.” Deirtear é sin nuair a chítear duine ciuin ag eirghe go maith nó níos fearr sa tsaoghal na an duine go mbíonn mórán cainte aige.
    Nuair a ceapann duine gur rud ana iongantach an rud a bhíonn ag duine eile agus ná bíonn sé aige féin deirtear leis, “Is mór toimhseach íad adharca na bó tar lear.” “Is dána gach madra in a eatrain (otrainn) féin.” Úsáidtear an sean-focal nuair a chítear duine aerach ag eirghe ciuin nuair a théigheann sé go h-áit eile ó na ceanntar féin. “Is fearr Aifreann rómhat ná dhá Aifreann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Shéaghdha
    Gender
    Female
    Address
    An Chillín Liath, Co. Kerry
    Informant
    Muiris O Conaill
    Gender
    Male
    Address
    An Chillín Liath, Co. Kerry