Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Kells, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 062

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 062

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 062
  3. XML “Longbhriseadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an fharraige, ba olc an radharc a bhí ag an bfear mbocht ag féacaint uirthi gan cabhair a thabhairt de ná buille a bhualadh ar a son. Annsan do bhailig na daoine mór thímcheall agus do cuaidh na fir ar an gcarraig agus do thógadar suas an corp le téad agus bhí sé fuar marbh beannacht Dé le na h-anam. Do thógadh í cun a baile annsan agus a connach a h-inghin i dtaobh amuigh de'n doras do rith sí amac le bábóig a bhí aici agus do theasbáin sí de'n máthair í, ceap sí ná raibh sí marb in aon cor ach bhí sé fuar di bheith ag glaodhach uirthi. Glaodhtar "Cumar Nóra Bháin" ar an áit sin ins na Ródaibh ó shoin i leith agus do thuit sé sin amach tímcheall 50 blian ó shoin.

    Núair a bhí na maíghistirí talmhan i réim bhí daoine i Gleann Beithe agus bhíodar ana bhocht. Ní raibh cíos na bliana aca agus do cuiredh an srían agus an báille cúcha. Thánadar san isteach cúcha maidean moch agus bhíodar cun an tigh a cuir tré theine. D'íarr bhean an tíghe ortha go trúaghmhéileach gan an droch gníomh san a dhéanamh. Ach cuireadh an tigh tré theine agus cuireadh an leainbh a bhí san clíabhán amach inaice na gcladhthach. Do connaic gach aoinne i bhfad ó bhaile an teine agus an deatach an lá sin agus na daoine bochta san ní fhéadfaidís cosc a chuir ach dfás an páiste sin na fear láidir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. shipwrecks (~384)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríd Ní Muircheartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Kells, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Míceál Ó Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Kells, Co. Kerry