Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Kells, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 088

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 088

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 088
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ceo go tiubh mór dtímhceall ortha agus beagnác bhíodar i bfaill act do sághbhálac íad le téadacha.
    Clocha Reamhra, clocha móra garbha ós cionn na loca, Leac a' gCurcán (Ciste) mar tá fleagaí leabhéaltha ann. Scríbh Dearg mar tá faill mór agus cré saghas dearg ann tá sé ana doinséarach. Cuas a' Duine Mairbh: do tháinig fear isteach ann (Cróchar). Cuas Séamuis Grifín mar do báthadh fear ann. Cuas na mBárnac mar fásann seilmide bárnacha ann. Cuas Seisc mar fásann saghas fionán ann. Cuas Nóra mar bhí bean dárb ainm Nóra ag priocad míobhán ann agus do báthad í.
    Tá ainm ar gac aon páirc againn tímceall triocha aca ar fad. Tugtar an Garraídhe Clocan ar ceann aca mar tá clocán i lár slíghe dhe. Bánseóg na Geáitsí ar ceann eile mar bíodh baire aca ann fadó. Tugtar Garraí Eórna ar ceann eile mar bhí eórna curtha ann fadó. Tugtar Garraí na Loca ar ceann eile mar tá sé cómhgaracht do Loc na gCeall. Tugtar Garraí Teórna ar ceann eile mar tá sé inaice an claidhe teóra. Glaodhtar Garraí Doimhin ar páirc beag eile an páirc is fear atá againn, tá sí i gcaol Doimhin taobh shuas don dtig. Glaodhtar Garraí Caol ar ceann eile mar tá sé ana caol ach fada. Tá páirc mór ann ar a glaodhtar an Gorta Mór inaice an bhóthair. Tá páirc eile ann inaice an chnoic agus fothrac innte gaol éigin lem mháthair a bhí na cómhnaídhe ann agus glaodhtar Páirc na bFothrach air. Tá cloch mór innte
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Kells, Co. Kerry
    Bailitheoir
    Tomás Ó Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Kells, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Móráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Roads, Co. Kerry