Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 015
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon oidhche fhúar, ghaothmhar bhí gasradh sean-daoine cruinnighthe mór-tímceall teine brothallaighe i dtigh óil i gCathair Saidhbhín. Do bhíodar ag ól is ag déanamh grinn go geal gáireach dóibh féin, agus cun níos mó scléipe do cuir fear a'tíghe gramafón ar siubhal. Seasuig sé anáirde ar an cúnntúr ós a gcomhair amach é. Bhí sean-laoch líath in-aice leis is bhí sé féin cómh meidhreach is mar a bhí an gramafón, mar is dóca go raibh sás múcadh a thata fachta aige.
Bhí a ghloinne líonta na láimh aige, agus taréis bheith ag smuineamh ar feadh tamaill do caith sé a raibh ann isteach in adarc an gramafón a rádh:; "seadh a sean-duine, ba cóir go mbeadh an tart ort anois, bhíobh deoc agat, mar níl aenne id cúram. Dein sé sin rí-rá mór acht do gáir gach aenne a dhótain i dtaobh an sean-duine críona. - Is mo scéilín nó tómhaiseanna a cuireadh na daoine fé racht gáiridhe agus an spórt a dheinidís as nó go mbíonn siad ag gol. Seo mo cúntas i dtaobh scéalta grinn a cúlathas ó mó sean athair agus mo seanachaoidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Mhuircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Miceál Ó Móráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí