Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is gnáth leis an ngáoith bheith aníar nó anoir aindheas, ar theacht droch-aimsire. Bhíonn cómhairthe fé leith le feiscint go minic leis. Seanchas an gháóth, bhíónn saghas feasa ag na h-ainmhidhte agus bíonn síad go neamh-shuaimhneasach agus go neamh stúideartha roimh stoirm. Ní chorruigheann an chat ó'n lúaithe, agus bíonn an-chion ag an gadhar ar an dteine leis, agus bíonn gach re-scheamh ag an gcat is an ngadhar ar a chéile. Bíonn na h-éin gan sos ar theacht droch h-aimsire agus bíonn na gheallamháin ag eitilt go h-íseal. Braitheann na daoine aosta sóínséail san aimsir leis, mar bíonn na dathacha á dtráochadh. Bíonn na sean-cnámh ana píanthamhail agus bíonn ana chnáímhseáíl aca. Ní h-aon iongnadh ná thaithnígheann droch aimsir leó agus is ró-mhinic a críochnuigehann sé cuid aca ar fad.
- Bailitheoir
- Úna Ní Laoinsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Laoinsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Día a dhein an domhan an grian agus an gealach, is breágh é solas na gréine. Níl aon nídh níos compórdaí ná lá gréine, rud eile tá sé úsáideach dúinn. Núair bhíonn an aimsear fliuch ag teacht bíonn babhaisín mór tímhceall air is bíonn croc bán air is an spéir dubh le scamall(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Curráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Curráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 44
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí