Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 044

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 044
  3. XML “Donchadha Ciotach Ó Móráin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    iarracht, lúbaire lúghmhar dob eadh an Corcuigheach ach mar b'eadh féin do chaill sé a ghreim ar an gcailín agus d'éaluigh sí sin léithe go h-áthasach malluithe. (?)
    "Imthig leat anois a chladhaire mí-náireach malluithe."
    "Gan díoghailt an eadh" arsan ropaire agus cómh tapaidh le splannc do sciob sé scian cúbach as a phóca agus do mheas sé i oibriú ach má dhein do chuir Donchadha le chleas-claidhmhe bataidh treasna an bhóthair í agus leis an dtríomhadh bhuille do thuit sé treasaithe, gearrtha ó cluas go smeigín
    "A bhfuilir sásta fós."
    "Ó táim agus níor ceapas go raibh fear in Ioctar na h-Éireann d'féadfadh an íde a thabhairt orm mar mbé, Donchadha Ciotach é sin."
    "Sé díreach, agus féach ná tagadh do casán treasna orm-sa go bráth airís, bailig leat."
    Do bhailig agus d'árduig Donchadha an scian abhaile go dtí an Cappamhóir mar a raibh sí go dtí lá a bháis agus n'feadar a bhfuil sí ann fós. Is mó gníomh agus gaisce nách é do dhein Donchadha. Nar léim sé poll beannuighthe glan ón dtalamh.
    Bádóir bríoghmhar, glic, tuisceanamhail, leis dob eadh é. Is minic a theastuig a chabhair is a chongnamh ó na h-íascairí eile agus níor chuadar riamh a ndísc ortha ach sa deire thiar thall ba dhóbair go mbáidhfí é agus seo mar thárlaidh.
    Lá mór stoirme sa gheimreadh do thiomáin an ghaoth long raice i gcoinibh na faille ar an dtaobh thiar do Carraig an Ocrais. Bhí alán daoine ós a chionn ag faire uirthi agus Donchadha na measc. Nuair bhí an suaill á luaschadh, do théiceadh an crann seóil geabhad leis in achrann don
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pártolán Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí