Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 070
- XML “An Doineann”
- XML “An Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí an stoirm sin níos measa ná an ceúd ceann. Chúaidh muinntir an bhaile cun í stop acht níor eirig leó ar dtúis mar bhí sé ró-láidir; b'éigeann dóibh cumarcha nuadh a déanamh cun e slóga síos. Do shlog sí síos an t-uisge na h-ainmdhthe, crainn is gach rud eile leis. Ba mór an scrios a dhein sé.
- Bhí Lá le Stiopháin 1914 go bréagh agus an mhuir go ciuin gan aon coinne lé ghála ná stoirm. Bhí an aimsear bhréagh roimhe sin leis agus ní raibh na báid ná aon nídhe ceangailte ag na h-íascairí. Ar a naoi a chlog bhí sé fúar agus gaoth ann agus as san amach bhí sé ag dul i dtreise go dtí go raibh gála mór ann agus na tonnta ag árdú agus ag bualadh i gcoinnibh na carraigeacha agus ar a deich a clog bhí an taoide suas ar an dtalamh geall leis. Bhí bád ag na h-íascairí ar an gCealúnach (ins na Cealla) in-aice le crúach móna; ní riabh se ceangailte in aon chor mar ní raibh aon coinne le h-oidche den t-saghas sin ná aon(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríd Ní Muircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí