Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is mó lá go bhfuil an sonas ortha agus a thuille aca go bhfuil an dona orra. Beidh an rath ort má tosneóir ag cur bprátaí Dé h-Aoine agus deirtear na beidh an rath ort má thosneóir Dé Luain. An nídh a bhíonn rugtha ar Mí Mietheamh ní bhfásann sé nó sí in aon cor. An céad Domhnach taréis duine a bheith pósta ní théigheann an lanamha go h-Aifreann. Ní théigheann aenne ag bhálcéireacht Oidhche Nodhlag. Ní ceart bheith ag fúghbháil ar Lá le Bríghid. Nuair a bhíonn duine breóidhte agus dá mbeadh sé ana old Dé h-Aoine, beadh baoghal go bhfaghadh sé bás; mar is ar an lá sin do fuair ár Sláinuightheóir bás. Ní ceart uaigh d'oscailt Dia Luain, nó Lá Cuille deineann siad é a dhéanamh Dia Satharn nó Déann san Inid ar a dtugtar Ramhart Ruadh na h-Innide. Bhí fear ann fadó agus bhí inghean aige dárbh ainm Máire agus do cuireadar í Dé Luain agus bhí alán trioblóidí aige in dhiaidh sin agus bhí mac aige agus do báthadh é. Máirt na h-Innide théigheann na daoine nár phós go Sceillig ar turas.
- Bailitheoir
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Míceál Ó Móráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí