Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 115
  3. XML “Liosanna”
  4. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Ba mhór an trúagh na daoine sa bliain 1847 nuair do loiteadh na prátaí ortha agus b'é sin an t-aon bíadh amháin a bhí aca an úair sin. An úair sin leis cuiridís na prátaí dá uair sa bhlian, tosnuighidís á cur i mí Feabhra agus do cuiridís íad airís i mí Lúghasa agus sin é an síol a bíodh aca. I mbliadhain 1847 nuair a bhí na prátaí ins na puill aca bhíodar dubh agus nuair a cuireadar íad níor fásadar in aon cor. Ní raibh aon bíadh aca annsan agus bhíodar bailighthe ar an dtráig gach lá annso ag piocadh báirneach agus míobhán agus bhídís ag íascaireacht leis agus d'íosfhaidís an múr dubh ar a glaodhtar dulamhan. Do dheinidís é a beirbhiu ar dtúis agus d'íosadar na neanntága núair a bídís beirbhthe leis. D'íosadar na stúmpaí cabáiste agus na turnaipí agus do raghaidís amac ins na garraidhthe ag piocadh na phrátaí a bhí fágtha tar éis na mbliadhna. Shíol teacair agus do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.