Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 151
- XML “Seantithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a dhá cois a cuir suas i mbarr an tíghe is an bean ag iarraidh í sáth is cuaidh an capall as a radharc act an oidhche sin nuair a bhí muinntir an tíghe na gcodhladh go sámh do thosnuig na ba ag géimrig is ag troid go dían is cualaidh muinntir an tíghe íad is d'éirigheadar is amach sa cró is na ba na gcodhladh go sámh is nuair a thánadar isteach bhí an leanbh óg ag gol is nuair a bhíodar ag teact an doras isteach do labhair guth go h-árd is go borb "Tóg an leanbh as an íarrta" Cúaidh an bean suas is ní raibh aon nídhe ann. Cuadar isteac i seómra is bhí an leanbh ag gol. Lá ar na bháireach fuair an leanbh bás is na dhiaidh sin cualaidh na cómharsain mar gheall ar na ba is dubhradar gur leath sgéal é cun go sciobaidís an leanbh. Rud eile fós gach tráthnóna nuair a bhíodh an grían ag dul fé bíodh an gríán ag taithneamh go díreach ar an íarrta is ar an tinnteán is deirtear ná bhíonn aon rath ar n tighthe sin. Ar deire chúadar suas go barr an bhaile is táid ann ríamh ó shoin.Máire Ní Curráin
Ródaibh- Bailitheoir
- Máire Ní Curráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Curráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 44
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí