Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 153
- XML “Seantithe”
- XML “Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtéídís 'na gcodhladh.Tomás Ó Muircheartaigh
Cealla Síar - Lá breágh san tSamhradh bhí triúr fear ag íascaireacht i mbun Cúas Gorm ins na Cealla. Bhí an grían ag dul fé go mall agus ní cloisfea ach glór na maidí ramha ag búaladh síos, suas ins an uisce. Fé dheire conncadar maighdean mara na suidhe ar carraig ag cíoradh a cuid grúaige. Bhí folt breágh ar dath aon óir uirthi, ach bhí sé go h-ana garbh agus fada. Bhí cíor na lámh aici déanta as éíbhear agus páirt de ar dath an óir. Bhí brat ar a gúalainn agus bhí aighidh áluinn aici. Dein ceann de's na fir saghas glór leis na maidí rámha agus léim sí ó'n gcarraig go tonn fairrge.Fadó bhí fear dárb ainm Míceál Ó Loinghsigh ag siubhal abhaile oidhche geal, ó tighthe na gcómharsana a bhí sé ag teact. Bhí sé ag siubhal go mall inaice leis an bhfothrach cualadh sé glór istig ins an bfotharach. Fear dána dob' eadh é agus cuaidh sé isteach. Cad a connaich sé ach lepruacán na shuidhe ar cloc ag déanamh bróígín do féin. Rug an fear air agus scréac an firín ós árd. Gheall sé an prócha óir do'n bfear. Chuaidh Míceál abhaile agus bhí sé na bhfear saidhbhir.
- Bailitheoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Díarmuid Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí