Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)

Suíomh:
Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Liam Seóighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 15_047

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 15_047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg
  2. XML Leathanach 15_047
  3. XML “Seanfhocal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    87) Mura bhfuil teine agat fein déan do goradh leis an ngréin
    88) Mol an óige agus tiocfaidh sí
    89) Is mór is fiú an óige acht í choinneál mar is chóir í
    90) Is fearr go deireannach ná go bráth
    91) Is fearr rith ná droch-sheasamh
    92) Ní thig leis an ngobadán an dó thráigh d'freastal
    93) Is feárr bheith díomhaoin na droch gnóthach
    94) Bíonn cluas ag ballaibh
    95) Caora mór an t-uan i bhfad
    96) Bíonn adarca fada ar na buaidh thar lear
    97) Aithnigheann ciaróg ciaróg eile
    98) Níor chaill fear an mhisnigh ariamh é
    99) Is deacar cloigeann críonn a chur ar guailnibh óga
    100) Is cuma nó muc duine gan seift
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Ging
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Ging
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann