School: Curraichín (C.) (roll number 15979)

Location:
Curraheen, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 208

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 208

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curraichín (C.)
  2. XML Page 208
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Beal Átha an Cléibh
    Sé an cúis go ghlaodhann siad Béal Átha an Cléibh air ná go raibh daoine na gcomhnuidhe ann fadó go ghlaoidís ortha na Tórnaithe. Bhídís ag déanamh mugaí agus cupáin adhmaid agus do réir mar a chuala Protastunaig do beadh iad. Bhídís ag iascach san abhainn go nglaodhann siad Abha Carrthaighe air. Cléibheanna iascaig a bhíodh aca. Bheiridís ar moran éisc go mór mhór bradáin agus bric. Sin é an tslighe a bhíod aca chun iad féin a chothugheadh chomh maith le bheith ag deanamh mugaí. Fé dheireadh mhairbh daoine an pharóiste iad agus chomeádadar amach as an áit iad mar theastuig an t-iasg uatha féin mar bhí an saoghal go h-olc san ansan. Ní fheacathas riamh ó soin iad san áit sin. Sin é an fát go nglaoidhtear Béal Átha an Cléibh air.

    Coill Ciabhach
    Tugtar Coill Ciabhach uirthi mar tá coill ann agus ait ciabhach iseadh í. Bíonn ceo ann go minic.

    Ross Beithe
    Píosa talmhan árd ag dul amac sa bhfairrge iseadh an áit seo agus ritheann Abha na Beithe taobh di.

    Dumhcha
    Cnoc gainmheach iseadh Dúch agus tugtar Dumhcha ar an áit mar gheall ar na cnuic gainmhidhe atá ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Location
    Curraheen, Co. Kerry