School: Curraichín (C.) (roll number 15979)

Location:
Curraheen, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 249

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 249

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curraichín (C.)
  2. XML Page 249
  3. XML “Scéal - Cathair Tonn Tóime”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. La amlaidh a bhí sí 'na cathair amuigh ó'n áit cois fairrge go dtugtar Ros-Beithe anois air. Clúduig an tuisge í agus do thriomuigheadh sí gach aoin mhaidean lae bealtaine gach aon bliadhain agus an maidin amáireach bhíodh sí cludaighthe arís leis an uisge. Bhíodh gach aon tsaghas duine ag siubhal isteach tríd an sráid an lá san mar a mbeadh in aon sráid eile. Chídís an bhean ar tháirsig a doruis agus í sior socrughadh a cinn agus á chíoradh agus bíodh an brat i n-aice léi. Dubhairt duine éigin dá sciobfadh an brat uaithe go bhfanfadh an cathair tirm i gcomhnuidhe.
    Bhí marcach de muinntir Séaghdha agus dubhairt sé dá mbeadh capall maith ráis aige go dtabarfadh sé fé é sciobadh uaithe. Fuair sé an capall abh fhearr gheobhfaí ar fhagáil agus chuaidh sé isteach. D'fhág sé an capall tamall beag i nimeall na sráide amach. Ghaibh sé isteach agus le h-é gabháil tháirsí sciob sé an brat uaithe. RIth sé fé dhéin a chapaill agus léim sé ar an gcapall agus do phreab sé chun siubhail.
    Do ghluais sise agus an fhairrge 'na tonntacha 'na dhiaidh, agus thug sé aghaidh igcoinnibh an aoird agus do sciob an tonn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Curráin
    Gender
    Female
    Address
    Reennanallagane, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Ó Curráin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Address
    Reennanallagane, Co. Kerry