School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (C.)
- XML Page 216
- XML “Lios”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá lios suidhte i nár bhfeirm i bpáirc go nglaodhann siad an Gairridhe Caol air. Timcheall leath míle ó'm tig-se. Deirtear go bhfuil sé ana-ghleóídte shíos ann. Tá staighre ag dul síos ann ach ní raghadh aenne síos ar eagla go bhfaghaidís puc, fé mar a bhfuair Domhnall Peig na Bó (?) é.Fear ana- bheag a b'eadh é. Bhí sé ina chomhnuidhe inaice lem' thig. Lá amháin chuaidh mionnán leis síos ann. Bhí sé ag lorg an mhionnáin ar feadh cúpla lá. Aon lá amháin bhí sé ag lorg gabháil tríd an bpáirc inaice an leasa agus chuala sé an mionnán ag méidhlig istig san lios agus chuaidh sé síos ann. Nuair a bhí sé ag teacht amach fuair sé puc ó bhean ruadh a bhí istig san lios. Fuair sé cos tinne annsan agus ní raibh aon mhaith sa chois as san go dtí go bhfuair sé bás. Deirtear gurbh é an puc san a chuir chun báis é agus ní raghadh éinne síos ann ó shoin. Na daoine maithe atá i na gcomhnuidhe ann. Ní dheunfadh aenne an páirc do treabhadh ná do romhar. Brighid Ní Séagda
Calathanuisge- Collector
- Brighid Ní Séaghda
- Gender
- Female
- Address
- Callahaniska, Co. Kerry