School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (C.)
- XML Page 296
- XML “Cathaoir Shúgáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhíonn duine chun cathaoir shúgáin do dheunamh faghann sé an t-adhmud ar dtúis agus deineann sé é do ghearradh i bpíosaí de'n mhéid cheart. Tosnuigheann sé le drom na cathaoireach agus deineann sé é sin ar dtuís. Annsan deineann sé na glúine. Nuair a bíonn siad san deunta aige faghann se an t-aráthar agus deineann sé an fráma do phollú. Nuair a bhíonn na puill deunta aige sa fráma faghann sé na rungaí agus deineann sé iad d'ollamhú. Cuireann sé gach ceann aca i n-a aít féín tríd an bhfráma. Tosnuigheann sé ar an suidheachán do dheunamh annsan. Faghann sé punann tuighe chun na súgáin do dheunamh. Bíonn fear ag casadh le "Chrúicín" de réir mar a mbíonn fear eile ag leigint an tuighe chuige. Nuair a bhiónn súgán mór fada deunta aca deintear liathróid de agus tosnuigheann siad ar an suidheachán do chur isteach sa chathaoir. Is amhlaidh a chuireann siad greim ar cheann an tsúgáin ar an runga ar thaobh na laímhe deise agus tugan siad treasna go dtí an runga ar thaobh na láimbhe chlé é. Cuireann siad an sugán mór timcheall mar sin ó thaobh na laímhe deise go dtí taobh na laímhe chlé. Annsan iompuigheann said an(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Dooaghs, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Ríoghbhardáin
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Address
- Dooaghs, Co. Kerry