School: Curraichín (C.) (roll number 15979)

Location:
Curraheen, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 263

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 263

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curraichín (C.)
  2. XML Page 263
  3. XML “Saibhreas i dTaisce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deir na sean daoine go bhfuil ór i bhfolac i gCroca i bparóíste Leac Snámha agus gur bé taoiseach "Ponsonby" a chuir ann é i n-aimsir Éibhlíse, idtreó is ná bhfaghadh na Sasanaigh é. Do bhí fhios ag ceann des na fearaibh aimsire a bhí i seribhís an taoisig go raibh sé annsan agus dubhairt an taoiseach leis féin go marbhochadh sé an fear aimsire.
    Do cheangail sé a dhá chois le téid agus do cheangail sé an téád le chois a chapaill agus do chuir sé fear in-áirde ar an gcapall agus béigin dó dul treasna an pharóíste leis, agus nuair a tháinig sé thar n-ais ní raibh ann de'n bhfear ach a dhá chois.
    Bhí Ponsonby ag riaghlú na tíre an trath so agus bhí comhacht aige dhuine do chrochadh indiú agus triall a chur air amáireach.
    Tar éis báis dó, do bhí an talamh fé comhacht Normánach darabh ainm dó "Fitzmaurice." I rith na h-aimsire sin níór chuir aoinne lámh ar an ór go dtí go dtáinig Sasanach darbh ainm dó "Bailbrown" ar a lorg. Do chuir sé triúr fear chun é fhagháíl agus tháinig tarbh 'na ndiaidh. Lá i ndiaidh sin tháínig beirt fhear agus deirigh an lá chomh dorcha le h-aon oidche riamh agus nuair a thagadar go dtí an carraig
    (lean ar leat. a 65)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Curráin
    Gender
    Female
    Address
    Reennanallagane, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Ó Curráin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Address
    Reennanallagane, Co. Kerry