School: Curraichín (C.) (roll number 15979)

Location:
Curraheen, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 284

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 284

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curraichín (C.)
  2. XML Page 284
  3. XML “An Seanchaisleán atá Thiar i nGleann Beithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deineadh an caisleán atá thiar i nGleannbheithe sa bhliain 1869. Ar thosnú an chaisleáin ghlanadar an bun. Is i gcooiréal Fosa fuaireadar na clocha agus le capaill agus cairteacha iseadh tarraingeadh suas go dtí an caisleán iad. Sasanaig ar fad do beadh na ceárdaidthe. Bhí an ceud lochta fé thalamh agus bhí trí túir ann, dá cheann beag, agus ceann an-árd. Bhí na fuinneóga a bhí air an-chumhang ach iad a bheith fada agus a gcinn ronnáltha (?). Bhí sé ráidhte go raibh sé ag súghadh na báistíghe agus chaitheadh an túr mór a leagadh agus níor dhein san dó é. Níor cuaidh bhuinn chun cómhnuighthe riamh ann tar éis na míle púnt a bhí caillte leis mar bhí sé ráidhte imeasg na ndaoine gur chuir an tAthair Tomás Ó Gríbhthín eascaine ar an gcaisleán.
    Sé an fáth gur chuir an t-Athair Tomás Ó Gríbhthín an easgaine sin ar an gCaisleán ná go raibh bean Uí Bhuinn ag cur isteach ar na sagartaibh agus na "Nuns" agus lá amháin bhí an t-Athair Tomás ag gábháil an bóthar a ritheann i n-aice an chaisleáin. Do stad sé agus do smaoinig sé agus dárduig sé a lámh agus dubhairt sé ná ndeunfadh an caisleán ach chuirt do phréacáin nó "barrac" do saighdiúirí feasta, agus ná beadh sé i n-áit chomhnuighthe do Bhuinn ná dá mhnaoi ná dá chlainn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    2. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Churráin
    Gender
    Female
    Address
    Reennanallagane, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Ó Curráin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    83
    Address
    Reennanallagane, Co. Kerry