School: Curraichín (C.) (roll number 15979)

Location:
Curraheen, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 294

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 294

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curraichín (C.)
  2. XML Page 294
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire - An Spéir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Spéir
    Deirtear mór timcheall nuair a bhionn an spéir cruaidh bíonn aimsear breágh le teacht, agus nuair a bhionn an spéir bog bíonn an aimsear fliuch le teacht.
    An Ghrian
    Nuair a bhionn an ghrian ana dearg agus í ag dul fé bíonn aimsear breágh ag teacht. Nuair a bhionn an lá go breágh bíonn an ghrian glan agus nuair a bhionn sé fliuch bíonn an ghrian dorcha fé sna scamaill. Nuair a bhionn an ghrian ag dul síos um tráthnóna má bhionn brainnsí uaithe, sin comhartha go bhfuil báisteach ag teacht.
    Na Réalta
    Nuair a bhionn sioc le teacht bíonn na réiltíní ar lasadh. Tuiteann na réiltíní le linn báisteach a bheith ag teacht.
    Na Scamaill
    Nuair a bhionn na scamaill ag chlúdach na gealaighe sé sin comhartha go mbeidh aimsear fliuch againn. Má bhuaileann dhá scamall i gcoinnibh a chéile tiocfaidh tóirneach.
    An Bogha Leac
    Nuair a bhionn bogha leac ins an spéir sé sin comhartha go mbeidh ceatha báistighe againn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Nora Ní Laighin
    Gender
    Female
    Informant
    Diarmuid Ó Laighin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Curraheen, Co. Kerry