School: Curraichín (C.) (roll number 15979)

Location:
Curraheen, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 273

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 273

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curraichín (C.)
  2. XML Page 273
  3. XML “Scéal mar gheall ar an Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bí an t-ocras i Sráid Bhaile Mhisteála. Bhí sé chom dian agus bí sé in-aon bhall mar bí alán daoine bochta ann agus bhíodar ana dhealbh. Bí an sgeul chomh h-olc san acu go raibh an t-Athair Murchadha ag ceannach mine agus ghá raint ortha i dtreó ná bhfaighidis bá de'n ngorta.
    Dairig fear bocht darbh ainm dó Bearrach go raibh an mhin dá thabhairt amach i mBaile Mhistéala. Cheap sé níd nár bh'iongnadh go raibh Seaghán Ua Gríobtha bocht ag fagháil na mine agus go bhfaigheadh sé féin béile de'n mhín le nithe ach dul ó thuaidh go tig Sheáin. Súid ó thuaidh é agus an t-ocras air. Chuaidh sé isteach go tig Sheáin
    "An bhfuil aon rud annso a dhíosfadh fear ocrac" ar seisean.
    Ní raibh aon blúire bídh fé dhíon tighe aige.
    "Measas go mbeadh cuid de'n mhin agaibh" arsan Bearrac.
    "Cad í an mhin" arsa Seághan.
    An mhin seo atá dá thabhairt amach thuaidh annnsan i mBaile Mhisteála" arsan Bearrach.
    "Níor airigheas focal 'na thaobh" arsa Seaghán.
    "Greadad cúghat" arsan Bearrach "Imthig ó thuaidh láithreach agus tabhair chughainn cuid di."
    "Nil aon airgead agam" arsa Seaghán.
    "Tá an sagart paróiste ag tabhairt na

    (lean ar leath '75)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Séaghdha
    Gender
    Female
    Address
    Callahaniska, Co. Kerry
    Informant
    Mícheál Ó Séaghdha
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Callahaniska, Co. Kerry