School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- CISTÍ ÓIR I bhFOLACH 'SNA RÓDAIBHTá gleann uaigneach beag imeasc na gcnoc i Ródaibh thíar. Lán de fraoig árd iseadh é agus gan dobht deirtear go bhfuil ciste i bhfolach ann. Ciste óir iseadh é a chuir na Fianna ann in allódh. Cé go bhfuil sé ann le fad é an lá ní bhfuair aoinne ríamh é agus ní cuaidh ach fear amháin ag cuardach cun é d'fhághail.Seo mar thárlaidh sé. Lá breágh Samhraidh agus teas ó'n ngréin bhí Fionn Mac Cumhall agus a chuid compánach ag réabadh imeasc na gcnoc ag lorg cloch cun saghas claidhe a dhéanamh. Bhí ór, airgead, agus rudaí lúacmhara eile aca. Fé dheire thíar thall chúaladar go raibh cath millteach, fíochmhar i bhFionntrágh. Léimadar as an áit na rabhadar agus d'fhan duine aca dárb' ainm Taistealach Tráenmhar ins an ngleann agus cuir sé an ciste i bhfolach i n-áit éigin san ngleann. Annsan as go bráth leis tré bágh an Daingin agus deirtear ná raibh ach an t-uisce go glúinibh aige. Srois sé áit na raibh an cath i bhFionntrágha sar i bhfad agus is ar an dtráig ar bhrúach na taoide do troideadh é. Marbhuigeadh Taistealach féin sa chath agus nuair a bhí sé sínte ar an dtráig agus a bheathadh ag sleamhnughadh uaidh ghlaodh sé go Fionn.
"A chara" ar seisean agus a guth ag lagúghadh "táim anois go faon, ar breachadh an lae beidh sibh-se gleasta cun an tráig úaigneach seo d'fhágaint ach mo leán is annso bheam sínte fúar ar imeall bhórd na taoide. Tá na(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Díarmuid Ó Loinghsigh
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Kells, Co. Kerry