Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- CISTÍ ÓIR I bhFOLACH 'SNA RÓDAIBHTá gleann uaigneach beag imeasc na gcnoc i Ródaibh thíar. Lán de fraoig árd iseadh é agus gan dobht deirtear go bhfuil ciste i bhfolach ann. Ciste óir iseadh é a chuir na Fianna ann in allódh. Cé go bhfuil sé ann le fad é an lá ní bhfuair aoinne ríamh é agus ní cuaidh ach fear amháin ag cuardach cun é d'fhághail.Seo mar thárlaidh sé. Lá breágh Samhraidh agus teas ó'n ngréin bhí Fionn Mac Cumhall agus a chuid compánach ag réabadh imeasc na gcnoc ag lorg cloch cun saghas claidhe a dhéanamh. Bhí ór, airgead, agus rudaí lúacmhara eile aca. Fé dheire thíar thall chúaladar go raibh cath millteach, fíochmhar i bhFionntrágh. Léimadar as an áit na rabhadar agus d'fhan duine aca dárb' ainm Taistealach Tráenmhar ins an ngleann agus cuir sé an ciste i bhfolach i n-áit éigin san ngleann. Annsan as go bráth leis tré bágh an Daingin agus deirtear ná raibh ach an t-uisce go glúinibh aige. Srois sé áit na raibh an cath i bhFionntrágha sar i bhfad agus is ar an dtráig ar bhrúach na taoide do troideadh é. Marbhuigeadh Taistealach féin sa chath agus nuair a bhí sé sínte ar an dtráig agus a bheathadh ag sleamhnughadh uaidh ghlaodh sé go Fionn.
"A chara" ar seisean agus a guth ag lagúghadh "táim anois go faon, ar breachadh an lae beidh sibh-se gleasta cun an tráig úaigneach seo d'fhágaint ach mo leán is annso bheam sínte fúar ar imeall bhórd na taoide. Tá na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Díarmuid Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí